ballyshannon, donegal, irish newspapers online, ireland, irish history, irish literature, irish famine
 
vindicator.ca - Linking Canada and Ireland vindicator.ca - Linking Canada and Ireland
  
 


Mise agus mo Sgéal

Cé h-é an duine a chuireann an leathanach seo ar an Idirlíon, agus cad fáth go bhfuil sé ag deanamh é?

Seán Mac an Bháird is ainm dom, agus rugadh mé i Leitir Ceanainn, i dTír Chonaill, beagnach seachtmhógha bliadhan ó shoin. Anois agus deireadh mo bheatha ar an domhain seo ag teacht, acht, buidheachais le Dia ní bheidh sé ann ar feadh tamaill, tá fonn orm sgríobh uair amhain eile i m'theanga dhúthchais.

Níl fhios agam go bhfuil lán eaolas fágtha agam ar an Ghaedhilg a d'fhoghluim nuair a bhíos ar sgoil. Taréis caoga bliadhan a chaitheamh ag obair i mBéarla, is cinnte nach bhfuil an Gaedhilg nua is an gramadach nua agam, ar abhar gur tharla siad i ndiaidh an tam a bhí mise i m'óige. Acht, mar sin fein, deanfhaidh mé an iarracht, agus gan leithsgéal. Más mian leat locht a bhaint aisti, tóg do rogha.

An céad ait a chuaidh mé ar sgoil, bheidh sin in Murlog, laimh le Leifear, agus 'n-a dhiaidh sin sa tSrath Bán, ait clúmhail ar son Brian Ó Nuallain, aka Myles na gCopaleen. Do rugadh eisean ann sa bhliain 1911.

Aiteanna eile a cuimhnighim a raibh mé ar sgoil ab eadh Sligeach, ag sgoil na mBráthar; Baile Átha Cliath (tá sgéalta le h-innsint agam fa dtaobh an tam sin), agus Béal Feirste. Ní raibh gradh mór agam ar an chathair sin.

Agus mé deich bhliain d'aois, chuaidh mé i gcomhnuidh le m'athair is mo mháthair i mBéal Átha Seanaigh, thiar arís i dTír Chonaill. Ag Sgoil na mBráthar De La Salle 'san baile sin a fuaireas mo chéad céacht fíor i nGaedhilg. Beirt bráthair, Fidelis agus Virgilius, a bhí mo mhúinteóiri. Ar dheis Dé go mbeidh a n-anam.

'Sa bhliain 1941 tharla gur bhuadhain mé ciste ó Comhairle Conndae Dún na nGall, agus caith mé ceathar bliadhan ag Coláiste Naomh Adhamhnain, arais i Leitir Ceanainn, an ait ar osgail mé mo shúil an chéad uair is mé i'm leanbh.

D'fhoghluimid gach rud tré Gaedhilg i gColáiste Naomh Adhamhnain. Táim in ann danta Gaedhilge a radh fós, acht nílim abalta Gaedhilg a labhairt níos mo. Tá sé imighe uilig, agus is cúis bhróin dom sin. Ag deireadh an sgríbhinn seo, tcifidh tú rosg a chumas seachtmhain ó shoin agus mé ag smaoineadh ar seo.

Cad fáth go bhfuilim ag sgríobh seo? Nach deacair sin a fhreagairt. Anuraidh, um Samhna/MeanFoghmhair, do cheannuig mé computer nua, agus cúig míosa ó shoin chuir mé amach an leathanach seo ar an Idirlíon. Ní raibh act beagán eolas agam annsin i dtaoibh an WWW, acht taréis cúpla seachtmhaine d'fhoghluim go raibh daoine i n-Éire, ins na Stait Aontuighe, i gCeanada, agus fa roinn an domhain, a bhí ag chlódoir leathanaigh i nGaedhilg, agus muna mbeinn sásta cainnt i mBéarla, ní bheadh mé in ann cainnt i nGaedhilg le na daoine sin.

Agus is le na daoine sin atá mé ag cainnt anois. Sílim go bhfuil grádh mór agaibh ar stair na hÉireann. Ma tá sé sin ceart, éist liom.

Ar an leathan seo tcifidh sibh "Seabhach na hÉirne", sgéal Eais Aedha Ruaidh, i mBéarla. Tabhair cabhair dom, agus do a lán daoine eile atá ar aon aigne, chun Eas Aedha Ruaidh a chur ar ais mar do bhí sé ar feadh míle is míle bliadhan.

Scríobh leitir chuig an Taoisigh, nó email, i nGaedhilg nó i mBéarla, agus abair leis go bhfuil fonn ort Eas Aedha Ruaidh a shábhail.

B'fheidir go bhfuil tú ar sgoil go foill i nÉirinn, no in ait eile, no gur duine fásta thú. Níl tabhacht ann. Labhair le do chairde, agus chur ceist ortha nach ndeanaidh siad an rud céadhna.

Táim ró bhuidheach díot, agus muna bhfuilir sásta leitir a scríobh, gabh mo bhuidheachas in aon chor, de bhrígh gur léigh tú and leathanch seo.

Le gach deagh ghuidhe.


Home | About | Canadian Vindicator | Literature | Gallery | History